Campa Saoire Chois Fharraige
Dublin Core
Title
Campa Saoire Chois Fharraige
Subject
Oideachas
Description
Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá Campa Saoire Chois Fharraige os cionn deich m bliana ar an saol anois mar is i 1991 a reáchtáladh an chéad champa. Níor tugadh ainm don champa go dtí 1992, an bhliain chéanna a ndeachaigh Scléip Teo. ina bhun. O shin i leith bhí dhá chúrsa nó trí ar siúl gach samhradh. Cúrsaí gníomhaíochta trí mheán na Gaeilge a bhíonn ar bun sa gcam pa agus 'siad na príomhimeachtaí ná drámaíocht, ríomhaireacht, ceardaíocht, aclaíocht, damhsa, amhránaíocht agus cluichí. Bíonn na scoláirí páirteach sna himeachtí uilig, rud a chinntíonn nach mbíonn siad ró-fhada ag plé le haon ábhar amháin.
Creator
Liam Puirséil
Source
Bailiúchán Biseach
Date
2001
Rights
© Cumann Forbartha Chois Fharraige
Language
ga
Type
Téacs
Identifier
BI2001A33
Tagairt
Liam Puirséil, “Campa Saoire Chois Fharraige,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed December 25, 2024, https://ns.spunout.ie/items/show/2082.