Mo Chara Ciarán Ó Con Cheanainn (1981-2009)
Dublin Core
Title
Mo Chara Ciarán Ó Con Cheanainn (1981-2009)
Subject
Amhránaíocht
Description
Alt ó 'Biseach 2009', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Chuir mé aithne ar Chiarán Ó Con Cheanainn nuair a bhí muid i Scoil Sailearna le chéile. Ón tús bhí dlúthchairdeas eadrainn. Bhí suim ag an mbeirt againn sa cheol agus sa drámaíocht agus cuid mhaith den am sa diabhlaíocht!!!! Le linn dúinn a bheith sa bhunscoil, chonaic Máire Uí Mhainnín, go ndéana Dia Grásta uirthi, go raibh suim againn sa cheol agus thug sí isteach sa chór muid agus tráthúil go leor an uair dheireannach a sheinn an bheirt againn le chéile ba ag Aifreann na Giniúna é i Séipéal na Tulaí, Oíche Nollag seo caite.
Creator
Mícheál Ó Dubhghaill
Source
Bailiúchán Biseach
Date
2009
Rights
© Cumann Forbartha Chois Fharraige
Language
ga
Type
Téacs
Identifier
BI2009A15
Tagairt
Mícheál Ó Dubhghaill, “Mo Chara Ciarán Ó Con Cheanainn (1981-2009),” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed December 25, 2024, https://ns.spunout.ie/items/show/2252.