Blácaigh na Tulaí
Dublin Core
Title
Blácaigh na Tulaí
Subject
Stair
Description
Alt ó 'Biseach 2016', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. De bhunadh na Breataine Bige iad Blácaigh na Gaillimhe, agus ‘Cadell’ nó ‘Cadwell’ an sloinne a bhí orthu. Ba é Richard Cadel an chéad duine acu a luaitear le Gaillimh (ag deireadh an 13ú haois–tús an 14ú haois) ach bhí leasainm air: ‘Niger’, dubh sa Laidin, nó ‘le Blak’ (a ndearnadh ‘Blake’ ina dhiaidh sin de). Ba dream mór le rá i gcathair na Gaillimhe iad ar feadh na gcéadta bliain agus stádas agus gradam dá réir acu: bhí postanna móra acu sa gcathair, agus bhí scór Blácach éagsúil ina méaraí ar chathair na Gaillimhe. Bhí easpaig ina measc chomh maith le bairnéid, ridirí agus teachtaí parlaiminte. Ba teaghlach gustalach, tábhachtach, mór le rá iad Blácaigh na Gaillimhe, mar sin.
Creator
Lochlainn Ó Tuairisg
Source
Bailiúchán Biseach
Date
2016
Rights
© Cumann Forbartha Chois Fharraige
Language
ga
Type
Téacs
Identifier
BI2016A04
Spatial Coverage
An Tulach
Tagairt
Lochlainn Ó Tuairisg, “Blácaigh na Tulaí,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed December 25, 2024, https://ns.spunout.ie/items/show/2340.