Cill Treasa Ros an Mhíl
Dublin Core
Title
Cill Treasa Ros an Mhíl
Description
Tá stair sách fada ag Cill Treasa, teach pobal cheantar Ros an Mhíl. Nuair a scaradh iad mar phobal eaglasta leis an Tulaigh i nDeoise Thuama 1925, is Tí Sheáinín Chóil Bhig i mBaile Láir a bhailíodh pobal Dé ar an Domhnach. Ag tús na dtríochadaí socraíodh Cill Treasa a thógáil ar shuíomh álainn, ag breathnú siar ar Chuan Chasla. Is leathpharóiste leis an Spidéal é Cill Treasa. Cónaíonn an sagart paróiste sa Spidéal. Nuair a bhásaigh an Canónach McAlliney, S.P. a bhí ar an Spidéil i 1931 tháinig an Canónach Ó Donghaile i gcomharbacht air. Tháinig An tAthair Liam Ó Móráin mar shagart óg go Ros an Mhíl in 1932. De réir na leice atá ar an mballa, osclaíodh Cill Treasa in 1933.
Creator
Mairéad Bhiddy Johnny Uí Chonaola
Source
Bailiúchán Biseach
Date
2019
Rights
© Cumann Forbartha Chois Fharraige
Language
ga
Type
Téacs
Identifier
BI2019A13
Spatial Coverage
Stair, Creideamh
Tagairt
Mairéad Bhiddy Johnny Uí Chonaola, “Cill Treasa Ros an Mhíl,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed December 24, 2024, https://ns.spunout.ie/items/show/2446.