An Béaloideas agus an Pobal
Dublin Core
Title
An Béaloideas agus an Pobal
Subject
Béaloideas
Description
Tá Gaeltacht na Gaillimhe ar cheann de na ceantair is tréine inar bailíodh béaloideas, rud a thugann le fios go raibh saibhreas thar an ngnáth ag baint leis an oidhreacht thraidisiúnta sa taobh seo tíre. Le céad bliain anois sa cheantar, tá spéis gníomhach á chur san ábhar agus taifeadadh á dhéanamh air. I nóchaidí na haoise seo caite rinne beirt eachtrannach a gcion féin den obair seo, mar atá, Jeremiah Curtin, Meiriceánach, a thóg scéalta i gCill Chiaráin go háirithe, agus Holger Pedersen a bhailigh seanchas in lnis Mór, Árainn. Ní eachtrannaigh amháin, a bhí gafa leis an obair seo, áfach, agus táimid faoi chomaoin mhór ag daoine mar John Millington Synge, William Larminie, James Berry, Peadar Ó Direáin, Seán Mhac Giollarnáth, Séamus Mac an lomaire, Peadar Neilí Ó Domhnaill agus Seán Ó Conghaola as an léiriú cumasach ar ghnéithe éagsúla den saol traidisiúnta atá curtha ar fáil acu dúinn ina gcuid scríbhinní.
Creator
Pádraig Ó hÉalaí
Source
Cartlann an Phléaráca, faoi chúram Ollscoil na hÉireann Gaillimh
Date
1991
Rights
© Pléaráca. Gach Ceart ar Cosaint.
Language
ga
Type
Téacs
Identifier
PL1991A05
Extent
2300
Spatial Coverage
Bailiúchán
Tagairt
Pádraig Ó hÉalaí, “An Béaloideas agus an Pobal,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed December 25, 2024, https://ns.spunout.ie/items/show/250.