Seanscoil Shailearna ó 1884

Dublin Core

Title

Seanscoil Shailearna ó 1884

Subject

Stair; Oideachas; An Ghaeltacht; Forbairt Phobail

Description

Ceaptar gur tógadh scoil ar an láthair idir 1860 agus 1870. Scoil an-bheag a bhí inti - dhá sheomra inti ina raibh buachaillí agus cailíní le chéile agus Béarla an teanga a bhí i réim sa scoil. Bhí paróiste an Chnoic i nDeoise Thuama agus bhí an tArdeaspag Mac Éil glan in aghaidh chóras bunoideachais Shasana. Nuair a fuair sé bás i 1881 cheadaigh a chomharba, An tArdeaspag McEvilly scoileanna náisiúnta i nDeoise Thuama agus tosnaíodh ar scoil a thógáil i bparóiste an Chnoic i 1884. Thóg sé ceithre bliana an obair a chríochnú. Ceithre sheomra a bhí sa scoil nua, péire le haghaidh na mbuachaillí ar an taobh thiar agus péire ar an taobh thoir le haghaidh na gcailíní.

Creator

Róisín Ní Thuairisg

Source

Cartlann an Phléaráca, faoi chúram Ollscoil na hÉireann Gaillimh

Date

1998

Rights

© Pléaráca. Gach Ceart ar Cosaint.

Language

ga

Type

Téacs

Identifier

PL1998A09

Spatial Coverage

Geolocation

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/2a9949929a19744da6415a20d92e61e2.pdf

Tagairt

Róisín Ní Thuairisg, “Seanscoil Shailearna ó 1884,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed December 25, 2024, https://ns.spunout.ie/items/show/378.