Dea-scéal

Dublin Core

Title

Dea-scéal

Subject

Polaitíocht

Description

Sé'n scéal is deireanaí faoi bhóthar Chonamara go bhfuil sé socraithe gur ar philéir a bheidh an bóthar seo tógtha anois, mar chuirfeadh sé seo deireadh leis an imní a bhí ar shaineolaithe na mbuataisí glasa faoi an dúlra. Beidh an bóthar os cionn an airde a chaitheann frog léim, agus os cionn an airde a strapann seilimidí, sceartáin agus feithidí thábhachtacha eile. Beidh na ceannabháin bhána ag fás faoi, agus ní chuirfidh sé as do na driseacha ach oiread, an cor is deireanaí sa scéal, mar go bhféadfadh sé go bhfásfadh driseacha trasna an bhóthair, ó tharla nach bhfuil cead iad a bhaint níos mó gan cead speisialta.

Creator

Máire Ní hEidhin

Source

Cartlann an Phléaráca, faoi chúram Ollscoil na hÉireann Gaillimh

Date

2011

Rights

© Pléaráca. Gach Ceart ar Cosaint.

Language

ga

Type

Téacs

Identifier

PL2011A11

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/607d54ae1c2e9c6464f067ac45a60cd1.pdf

Clibeanna

Tagairt

Máire Ní hEidhin, “Dea-scéal,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed December 24, 2024, https://ns.spunout.ie/items/show/524.