Eagarfhocal 2012
Dublin Core
Title
Eagarfhocal 2012
Subject
Na hEalaíona; Cultúr; An Ghaeltacht
Description
Tá bliain eile imithe agus tá sé in am arís d'Fhéile Phléaráca. Bhí an Fhéile 21 bliain ar an bhfód anuraidh agus athraíodh na dátaí go dtí mí Mheán Fómhair, mar a bhíodh sé sna blianta siar. Tá dhá chúis leis seo. An chéad cheann ná go mbíodh daoine ag rá gur mhothaigh siad uathu Féile Phléaráca ag an am seo den bhliain. An dara cúis ná go bhfuil sé ag éirí níos déanaí chuile bhliain sula dtugtar scéala dúinn maidir le maoiniú na Féile. Ní muide amháin a bhfuil sé seo ag cur as dóibh. Tá go leor eagrais sa mbád céanna linn. Níl gá domsa cur síos mion a dhéanamh faoi cén fáth go bhfuil sé seo amhlaidh. Tá na nuachtáin ag inseacht dúinn chuile lá faoi ghanntan airgid na tíre agus arnó tá tionchar ag an lagtrá eacnamaíochta orainn uilig.
Creator
An Coiste Eagarthóireachta, Pléaráca 2012
Source
Cartlann an Phléaráca, faoi chúram Ollscoil na hÉireann Gaillimh
Date
2012
Rights
© Pléaráca. Gach Ceart ar Cosaint.
Language
ga
Type
Téacs
Identifier
PL2012A01
Bailiúchán
Tagairt
An Coiste Eagarthóireachta, Pléaráca 2012, “Eagarfhocal 2012,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed December 25, 2024, https://ns.spunout.ie/items/show/529.