Leon Ó Broin ag trácht ar Mhícheál Ó Coileáin (22/08/1982)

Dublin Core

Title

Leon Ó Broin ag trácht ar Mhícheál Ó Coileáin (22/08/1982)

Subject

Mícheál Ó Coileáin

Description

Agus muid ag comóradh 60 bliain ó maraíodh Mícheál Ó Coileáin, tugann an Dr Leon Ó Broin cuntas ar a shaol agus ar a bhás. Díríonn sé ar a shaol mar shaighdiúir, mar státaire agus mar pholaiteoir. Dar le Ó Broin, shílfeá nach raibh i ndán don Choileánach ag tús a shaol ach an gnáthshaol a bheadh ag gasúr tuaithe ag tús an chéid seo caite, gasúr a tógadh i dteaghlach feirmeoireachta agus nár cuireadh ach oideachas bunscoile air. Ach ba léir gur oideachas ar ard-chaighdeán a cuireadh air, mar go bhfuair sé post gan dua tar éis dó an scoil a fhágáil. Is in Ard-Oifig an Phoist, Baile Átha Cliath, a bhí sé le linn an Éirí Amach. Maíonn Ó Broin nach raibh Ó Coileáin ró-thógtha leis an bPiarsach, ach go raibh ard-mheas aige ar Shéamas Ó Conghaile – rud a léirigh gurbh fhearr leis an réalaí ná an t-idéalaí. Bhí am aige machnamh a dhéanamh faoi staid na tíre sna campaí géibheann sa Bhreatain Bheag, agus a bheith ag beartú bealaí a d’fhéadfaí an obair ar cuireadh tús léi leis an Éirí Amach a chur i gcrích.

Creator

Ó Ciardha, Pádraig

Source

Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta

Date

22-08-1982

Contributor

Ó Broin, Leon

Rights

© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.

Language

ga

Type

Fuaim

Identifier

33152

Spatial Coverage

Temporal Coverage

16/11/1890-22/07/1922: Mícheál Ó Coileáin

Mediator

Ó Ciardha, Pádraig

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/ea2105bb5fd685fc3bc33671508be999.mp3

Tagairt

Ó Ciardha, Pádraig, “Leon Ó Broin ag trácht ar Mhícheál Ó Coileáin (22/08/1982),” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed December 25, 2024, https://ns.spunout.ie/items/show/727.