Clár faoi Phádraig Ó Siochfhradha (05/04/1983)

Dublin Core

Title

Clár faoi Phádraig Ó Siochfhradha (05/04/1983)

Subject

An Seabhac
Pádraig Ó Siochfhradha
Na hÓglaigh

Description

Craoladh an clár seo faoi Phádraig Ó Siochfhradha (‘an Seabhac’), údar na leabhar Jimmy Mháire Thaidhg agus An Baile S'Againne, i measc foilseachán eile. Rugadh é i mBaile an Ghóilín, siar ón Daingean, in 1883 - 100 bliain sular craoladh an clár seo. D'oibrigh sé mar thimire Gaeilge agus mar bhailitheoir béaloidis. Bhí sé ina rúnaí ar Choimisiún na Lámhscríbhinní, ina chathaoirleach ar an gCumann le Béaloideas Éireann, agus bhí sé ina eagarthóir leis an nGúm agus le Comhlucht Oideachais na hÉireann freisin. Bhí sé ina chathaoirleach freisin ar Chomhairle Contae Chiarraí agus cheap Éamon de Valera ina Sheanadóir é. Bhí sé ina eagarthóir ar an Lóchrann agus rinne sé eagarthóireacht freisin ar leabhair Thomáis Uí Chriomhthain - Allagar na hInse agus An tOileánach. Bhí sé sna hÓglaigh ó bunaíodh iad (i 1913) agus bhí sé ina chaptaen ar an 5ú Cathalán de Bhriogáid Chorca Dhuibhne. Bhí sé i ngéibheann idir 1918 agus 1922.

Creator

Féirtéar, Breandán

Source

Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta

Date

05-04-1983

Rights

© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.

Language

ga

Type

Fuaim

Identifier

41450

Temporal Coverage

1883-1964: Pádraig Ó Siochfhradha

Mediator

Feiritéar, Breandán

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/63ab6540423b17cddd42aadb4e29a0e9.mp3

Tagairt

Féirtéar, Breandán, “Clár faoi Phádraig Ó Siochfhradha (05/04/1983),” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed December 25, 2024, https://ns.spunout.ie/items/show/741.